Ag imeacht an Lagáin, bhí a dheartháir agus scaifte eile ón bhaile leis. Shiúil siad go Gort an Choirce ar dtús leis an bus a fháil go Leitir Ceanainn le dhul amach go dtí an rablach (rabble). Cur síos ar an lá sin agus an áit ar dheachaigh sé go dtí i dTír Eoghain. Bhí a dheartháir ar fostú an feirmeoir in aice leo. Níor mhiste leis ag imeacht mar go raibh sé breá cleachtaithe ar fostú ina óige. Ní raibh béarla ar bith aige mar nach raibh béarla ar bith in úsáid sa bhaile acu. Phioc sé suas é tar éis tamaill. Bhí áit mhór ag an feirmeoir a bhí sé aige. Cur síos maith ar an am a bhí aige agus ar an obair a bhí le déanamh aige leis na hainmhithe, ina measc, cearca agus eallach. Bhí an obair sin le déanamh aige 7 lá na seachtaine. Bhíodh siad ina suí luath ar maidin leis an eallach a bhligh. Ar an Domhnach bhíodh siad ábalta a dhul chun an Aifrinn. £15 de phá ar feadh sé mhí a fuair sé, bhíodh a mhuintir sa bhaile ag fanacht leis an airgead sin.
Fad: 00:08:51 Éist
Scaip a theaghlach, bhí a dheartháir Páidí san Astráil agus fuair sé bás óg ag 44 bliain d’aois in 1968. D’imigh sé go Glaschú ar dtús agus níor phill sé ariamh sula ndeachaigh sé na hAstráile nó shíl sé nach mbeadh uchtach aige a mháthair a fhágáil dá dtagadh sé na bhaile ar dtús. Chuireadh sé airgead chuici i gcónaí. Níl siad cinnte caidé a tharla do. Cuireadh san Astráil é.
Fad: 00:01:46 Éist
Chaith sé 3 bliana ar an Lagán, an chéad lá a d’imigh sé, ba sin an chéad am a bhí sé ar bhus agus traein, 15 Bealtaine, 1942.
Fad: 00:00:33 Éist
Na trí bliana a chaith sé ar an Lagán, san áit chéanna a bhí sé i gcónaí. Bhí trioblóid acu fáil trasna an teorainn ar dtús agus b’éigean dóibh an traen a fháil. Bhí máistir leo fosta. Nuair a shroich siad an Ómaigh ceannaíodh buidéal líomanáid dóibh, bé an chéad cheann a bhí ag John ariamh. Cur síos ar an lá sin. Bhí scaifte acu ann ach scaradh suas iad uilig nuair a shroich siad an Ómaigh. Bhí dúil aige ann. Tháinig sé na bhaile nuair a bhí sé ag cloisteáil scéalta ón bhaile go raibh airgead maith le saothrú in Albain. Thosaigh sé ag caitheamh toitíní nuair a bhí sé thuas ansin. Le linn na trí bliana sin tháinig sé go dtí an Rablach dhá uair, thug sé an tuarastal a bhí aige dona athair in Leitir Ceanainn ach phill sé na Lagáin arís. D’imigh a dheartháir Páidí go hAlbain.
Fad: 00:06:23 Éist
Nuair a d’imigh John é féin go hAlbain in 1945, d’iarr sé ar a mháthair teileagram a chur chuige lena thabhairt na bhaile as an Ómaigh, bhí rothar leis nuair a tháinig sé na bhaile. Bhí an cogadh ar siúl san am agus chaitheadh sé na soilse a bheith doiléir aige nuair a bhí sé i dTír Eoghain. Bhí sé iontach bródúil as an rothar sin. D’imigh sé go hAlbain ag tús mhí Mheithimh, bhí pas le fáil acu le imeacht. Bhí bád Dhoire stoptha i rith an chogaidh. Chaitheadh siad fáil ó Dhoire go Larne, an bád ó Larne go Stranraer agus ó sin a mbealach a dhéanamh go Glaschú. Bhíodh sé mall, i dtrátha an 11 an oíche sin nuair a shroicheadh siad Glaschú. Bhí aintín leis i nGlaschú agus bhí siad ábalta stopadh aici thar oíche agus ar maidin an bus a fháil go Berwickshire agus gan mórán airgid acu leoga. Thosaigh siad ag obair feirmeoireachta ar dtús, ag tanáil tornapaí. Tascobair a bhí ansin. An chéad uair a chuaigh sé anonn, 2 scilling a bhí sé ag fáil ar shon 300 slata. Bhí uaireanta fada ó 6:30 ar maidin go dtí an 7 tráthnóna. Bhí an cogadh ar siúl fosta agus de bharr sin bhí an bia gann, bhí rations ann. Ag stopadh i mbotaí a bhí siad. Bhí cuid acu garbh go leor. Málaí cocháin a bhí acu agus cúpla blaincéad. Bhí stáblaí na mbeithígh níos glaine ná na botaí. Mar gur oibrí séasúrach a bhí ann, ní thiocthaí e a chur san airm. Beireadh ar a dheartháir Ned le cur san airm ach ní rachadh sé dóibh, chuir siad sa talamh é sna poill ar feadh cúpla bliain ag baint guail.
Bhí sé anonn agus anall ansin a fhad agus a bhí a mháthair beo. I nGlaschú a bhí sé sa deireadh agus bhí jab maith aige, ag na obair gáis a bhí sé ag cur síos píopaí, bhí an t-airgead maith. Bhí uaireanta fada ann agus obair Dhomhnaigh. Cur síos ar an obair a rinne sé.
Fad: 00:14:10 Éist